School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 284
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-sgéal.Bhí fear ann fadó agus phós sé.
Bhí a bhean an-chruaidh agus ní thugadh sí déirce ar bith uaithe.
Thugadh an fear déirce do gach duine.
Bhí triúr mac aca.
Níor maith leis an mnaoi go dtabharfadh an chlann aon déirce uatha.
Fuair an bhean dhá mhada allta agus do shaghadadh sí na madraí in gach duine a thagadh ag an doras.
Faoi cheann tamaill fuair sí bás agus níor tháinic aon trí lá ariamh chomh breágh leis na trí lá (la) a raibh sí dhá cur. Faoi cheann tamaill cailleadh an fear agus chaith sé coigcíos istigh sul má féadadh é a chur le droch-aimsir.
Fágadh istigh é ar feadh coigcíose, agus ní raibh a fhios ag aon duine cé'n fáth a bhí leis an droch aimsir.
Dubhairt an mac budh shine go rachfadh sé féin a' siúbhail timcheall nó go bhfhaghad[h] sé amach cé'n fáth a bhí leis na trí lá breá[gh] a fuair a mháthair agus an droch-aimsir a fuair a athair dhá thoramh.
Bhí an mac budh shine a' siúbhal nó gur(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway