Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Smaointe ar an mBliain 1921”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Smaointe ar an mbliain 1921
    A Ógánaigh na h-Éireann cuidigidh le chéile
    Tá'n t-am ag fagháil ag Gaedheala le Gaill a chur ar lár
    Tá Seán Buidhe bradach bréagach a'teannadh amach sna déaga
    Níl lúdh ina ghéaga ná spionnadh na chuid cnámh
    Anuraidh, Dia dhár réidhteach, nach é a bhí go péacach
    ag tfann 's ag béiciúch go h-arannta ar Ghaidhil
    Gan cóir ná ceart a iarraidh ó Dhún na nGall goCiarraighe
    Ach fulaingt leis na pianta go gcruinnigheadh seisean spré.
    ll
    Bhí an creachadóir i mbliana a'taisdeal trí an tír seo,
    ag iarraidh bheith a bribeáil 's a ceannacht 'Éire Óg'
    Ach níl aon áit sa tír seo ag báille cam ná spíodóir
    Níl fasga ann ag píléar, ná rud ar bith dá shórt.
    Má tá siad gheanamhail críonna 7 iompódh leis na daoine,
    Atá a' siubhal sa t-lighe cheart, tá am acu go fóill,
    le maitheamhnas a iarraidh ar Son Mhac Mhuire Naomhtha
    Faoi a bheith a déanamh tíoghbhais do Sheán an Bhoilg Mhóir
    lll
    Sé Seán an bacach críochnauigh' nár ghéill ariamh do Chríostaidhe
    Is gearr ó thug sé iarracht ar Chaitlicigh a chrádh:
    Ag scolltacha a righlú 's múinteóirí a dhaoradh
    Mara múinfidíl an bíobla a bhí ag cineál Sheaín
    an bíobla sin, sé shílim nach é a bhí ag Maoise
    Ag Bríghid ná Pádraic Naomhtha ag Peadar ná ag Pól.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Confhaola
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tSraith, Co. Mhaigh Eo