Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Carr Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Carr Sí (lth 230/231)
    Tá sé ráite go mbíodh carr sí I dTír an Fhia, baile atá mile ó dheas den óilean seo agus go dtagadh sí chuile oiche thimpeall a haon dhéag amach chomh fada leis an droichead atá scaradh Tir an Fhia agus Leitir Móir ón na chéile. Dath dearg a bhí urthi ó bhun go barr. Nuair a thaghadh sí go dtí an droichead mhúchadh sí a cuid soilse agus ní raibh fhios ag aon duine cá dréigheadh sí. Deanadh ‘Bus’ a bhí uirthi.
    Bhí sí le feicáíl I gcaitheamh an tSamhradh 1937. Tháinig sí chomh fada le teach I dTír an Fhia I Mí Iúil seo caite agus bhí sé amach san óiche nuair a tháinic sí agus bhí muintir an tí ina gcoladh.
    Tháinic beirt fhear go dtí an doras agus bhuail said air. Dairaigh bean an tí an torann agus d’éirigh sí agus d’oscail sí an doras. D’iarfaigh sí de dhuine acu céard a bhí uaidh. Dúirt sé go raibh sé ag iarradh cailín aimsire ‘Ní bhfaigh tú ceachtar de mo bheirt ionionsa’ ar sise mar tá said ag teastail go géarr uaim fhéín.
    Leis sin d’imigh said. Dá gcastaí duine den charr ar an mbóthar diompóidh sí dubh agus dá mbreathnócaidh sé ina dhiadh arís bhíodh dath dearg uirthi
    Nuair a thagadh sí amach as radharc na leice scalladh sí ar an mbaile uilig. Chonaic muintir na Leice ar fad I oiche amháin agus shileadar gur gluaistean a bhuail faoin droichead agus gur dóghad an ola innte...
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Maighréad Nic Donncádha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Máimín, Co. na Gaillimhe