Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “An Fear a Tháinig ar ais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá bean ina comhnuidhe sa leic, baile beag atá ceathramha míle taobh thoir dhó seo. Agus sé an faisuin a bhíodh aice chuile (lá) oidhche ag bagairt ar an ngadhar agus dhá thiomáint amach ar an tsráid.
    Oídhche amháin rinne sí é agus tamall 'na dhiaidh sin buaileadh ar an doras.
    D'éirigh sí de'n chathaoir agus d'osgail sían doras. Labhair an guth leí ó'n taobh amuigh agus ar seisean: -- '"Is fada mé ag brath ar a theacht go dtí thú acht bhí mé ag ceapadh nach raibh sé de mhinseach agat labhairt liom. Is mise do dhreáthair agus chaon oidhche a bhí mé ag teacht go dtí thú, shaghad tú an gadhar ionnan agus féach an bhail atá ar mo chosa."
    "Muise," arsa an drifúir, "an tú atá ann a dhearbhráthairín,"
    "Is mé" ar seisean.
    "Céard a thug ar ais thú" ar sise, "nach fada básuighthe thú."
    "Muise cliabh móna a ghoid mé ó m'oncail" ar seisean "nuair a bhí mé ar an saoghal seo agus níor thugas ar ais ariamh é, agus tháinig mé ar ais ag ceapadh go n-íocfá-sa dhom é. Ní leisgfí isteach do na flaithis mé nó go níocfainn an cliabh móna."
    "Muna n-íocfaidh mise é" ar sise " íocfaidh mo dhearbhráthair eile dhuirt é." "Ná híocadh" ar seisean "ach íoc thú fhéin é." "Íocfadh, mar sin, ar sise."
    Ar an bpoinnte is a bhí an focal "íocfadh" ráidhte.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Úna Nic Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 40