Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 299
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéalBhí fear ann fadó agus chuaidh sé ag iarraid mná i dteach. Fuair sé an bhean agus faoí ceann seachtaine phósadar, agus bhí bainnis mhór aca. An lá na diaid sin bhí an fear ag dul amach ag obair, agus dubairt sé leis an mbean cáca a bhéid déanta aice roimhe agus crusca fíon a bhéid tarrainghthe aice as an mbairrle bhí shiar sa séomra le h-agaidh an dheinneir. Rinne sí an cáca agus chuir sí sios san mbacús é lé bácáil. Nuair a bhí sé bacáilte thóg sí é agus leag sí ar an urlár e an fhad is bhéadh sí ag baint an fhíon as an mbairrle. Chuaid sé siar san séomra le h-agaid an fíon a fhághail nuair a bhí sí shiar tháinig an mada isteach agus sgiobh se leis a cáca. Lean sí trí garraidhe ón teach é ach ní raibh si indon teact suas leis. Cas sí abaile annsin agus nuair a tainigh sí isteach bhí gach a raibh dfhíon san mbairrle ar fud an úrláir Nuair connaic sí an fíon ar fud an urláir Rug sí ar sgian agus doscail sí trí mála pluir a bhí shiar sa séomra eile agus thriomuigh sí an fíon leo. Nuair a tháinigh an fear isteac ag a dhinnéar, d'innis an bean do ceard a tarla den cháca agus de'n fhíon agus de'n plur. Tá go mait arsa an fear acht ar fhan deóir ar bith de'n fhíon sa gcrúsca. tá an crusca lán thiar sa séomra arsa an bean agus í ag rith siar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Lupáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Lupáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50