Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 218
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna(1) Bean ag gol agus bean ag gáirí, bean agus a putógaí le na sála; cé aca sin an bhean ba chráidhte?.
(2) Cé'n cuid ar dtús de'n bhó a théigeanns amach sa mbearna?
(3) Cé mheád cos ar dhá sgór caorach ar an mada agus ar an máighistir?
(4) Cé thé an duine nach bhfuil aon mháighistir air?
(5) Chonnaic mé fear indé cloigeann dearg ar cloch in na bholg agus maide na laímh.
(6) Feicim ar an aer é droichead mhór dearg air is ní féidir le aoinne siubhal air.
(7) Siúd é thríd an sáile é fear áilne na gréine fear an chóitín ghorm agus snáthaín dearg ina leíne.
(8) Airigheann muid é ach ní fheiceann muid é Buaileann sé clár a n-éadain ach ní fheiceann muid na dhiaidh sin é.
(9) Cé meád ruball ar an ngealach?
(10) Fear caol cruaidh na sheasamh leis an gcruach níl pútóg na chorp nach bhfuil a craitheadh leis an olc.
(11) Cé'n bád a sheólann nach dtéigheann ar aon fhairrge?
(12) Dhá chois fhada as dhá ghualainn árd air is cloiginín beag.
(13) Lán páirce do caoire bána agus bó mhór dearg eatorra istigh.
(14) Cé iad nach rugadh ariamh?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)