Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 276
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bhí buachaill óg in a chomhnuidhe i gConamhara fadó agus ní raibh mórán céille ag mo dhuin[e] bocht.
Chuala sé cainnt ar Ghaillimh go minic agus dar leis féin cheap sé go mba cheart dhó fhéin a dhul ag breathnú ar an mbaile mór.
Amach leis í gcoca féir agus rinne sé súgán-seic dhó fhéin agus chuir sé ar a chapall é agus bhuail sé fhéin a' marcuidheacht uirthi agus thug sé a agai[dh] ar Ghaillimh.
Níor bhfhios dhom c'én t-achar a chaith sé ar an mbealach, ach shroich sé an baile mór uair éigin san lá.
Ar nóigh bhí mo dhuine bocht iongantach agus [?] na tíghte móra a chonnaic sé agus sheas sé suas ar an mbóthar ag breathnú in a thimcheall.
Ba geárr go dtáinic gárda agus tug don bhóthar é as an mbealach.
Chuir sé an chapall isteach í stábla éigin agus chuaid sé isteach í siópa.
Chonnaic sé crúsgaí móra ann agus d'fhiafruigh sé don bhuachaill siopa céard a bhí ionnta. "Uibheacha capaill," arsa an buachaill siopa ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seósamh Mac Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- Eanach Mheáin, Co. na Gaillimhe