Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 311
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgealBí bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Bhi sé bliadain is fiche d'aois agus níor éirigh sé as an gcliabhán ariamh agus níor labhair sé aon fhocal cainnte. Tháinigh bean isteach lá agus dubhairt sí da (bead) bhféadfaidhe a dhinnéar a choinneál uaidh go ceann cupla lá go labhróchadh sé. Níor tugadh dó go ceann cupla lá agus sa deireadh d'iarr sé a dhinnéar agus ar bpoinnte agus tháinig cainnt dhó. D'éirigh sé as an gcliabhan freisin agus bhí sé comh h-árd is go racadh sé ó'n mbinn shoir de'n teach go dtí an bhinn thiar. Annsin dubhairt sé lé na mháthair go raibh an teach ro-bheag agus gcaithfidís imtheacht as. An lá ina dhiaidh sin dimigheadar agus bhíodar ag imhtheacht leo no go dtáinig siad go dtí teach mór. Bhuaileadar an doras agus leigead isteach iad. Dubhairt an buachaill go raibh sé ar lorg máighistir. Tá go maith arsa fear an tighe "fan thusa annseo acht caithfidh do mháthair imtheacht" nó ní bhéid aon nídh le n-iththe aice annseo. "Tiubhradh mise cuid de mo dhinnéar féin dí", arsa an buachaill Ta go maith arsa an ear féadfhaidh an bheirt agaibh fanacht annseo mar sin. Ac Ce'n obair a bheas le déanamh anois agam arsa an fear. Téirigh amach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Lupáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hUigínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe