Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Scéal faoi Oileán atá in Árainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal faoi oileán atá in Árainn.
    Deirtear go bhfuil oileán in Árainn agus go dtriomuigheann sé in éadan gach 'le seachtmhadh bliadhain.
    Aon uair amháin tháinig bád aniar ar an bfhairrge agus bhí beir[t] fhear innte. Stad an bád agus dubhairt duine aca leis an duine eile aire a thabhairt do'n bhád go ndeargóchadh sé a phíopa. Dhearg sé a phíopa le splainnc agus chaith sé an splainnc amach sa bhfairrge. Thriomuigh an t-oileán ar an nóiméad. Tharraing siad an bád suas ar an oileán agus chuaidh siad istea[ch] idteach. Bhí bean ag siubhal ar an urlár an t-am seo. "Nach breágh an bhean mise" adeir sí. "Is breágh muise" adeir seisean. "Nach breágh an bhean mise," ar sise, "Is breágh muise adeir seisean. "Nach breágh an bhean mise", adeir sí arís. "Is breágh muise, bail ó Dhia ort" adeir sé "Ó a chladhaire" adeir sí "is dona a chruthuigh tú nár dhubhairt tú é sin i dtosach. "Tá mise annseo le fada" adeir sí "agus tá mé faoi dhraoidheacht annseo, agus tá mé ag fanacht go dtógfhaidh duine eicínt an draoidheacht dhíom". D'imthigh an draoidheacht de [!] annsin agus thug sí leabhar do'n fhear agus dubhairt sí leis gan é a fhosgailt go ceann seacht mbliadhna. Nuair a chuaidh se abhaile bfhada leis go nosglóchadh sé é agus faoi cheann cheithre bliadhn[a] d'osgail sé é agus léigh sé gach a raibh ann. 'Na dhiaidh sin ní raibh aon dochtúr cnámha chomh maith leis ach dá bhfanfa[dh] sé go mbéadh na seacht mbliadhna thuas ní bheadh aon dochtúr ar an domhan chomh maith leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Chonfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Stiopán Mac Fhualáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe