Scoil: Leitir Mór

Suíomh:
Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 289

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Mór
  2. XML Leathanach 289
  3. XML “Mar a Mhaireadh na Daoine sa gCeantar seo Blianta ó shin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mar do mhairfheadh na daoine ins an gceanntar seo tamall bliadhanta ó shoin.
    Bhí sé an-deacair ag na daoine maireachtáil ar an oileán seo fadó sul má rinneadh droichead ná bóthar annseo.
    Bhí sé cruaidh go leór ar na daoine a bhíodh ag teacht ag an aifreann, nó ag aontaigh, nó ag an siopa, [g]o mór-mhór iad seo a bhíodh 'na gcomhnuidhe timcheall na n-oileán.
    Ní raibh mórán báid le (déanam) fághail an t-am sin, agus bhíodh ar na daoine fanacht go mbíodh sé 'na thrághadh.
    Sul má rinneadh an droichead bhí casán cloch déanta ag na daoine ins an áit a bfhuil an droichead anois timcheall ceathramha míle ar fad. [T]ógadh balla annsin chaon taobh de'n droichead agus bhí [a]n áit an t-sábháilte annsin.
    [T]á ráillí iarainn gach taobh de'n droichead ar [f]haitchios go dtuitfheadh aon rud isteach ann.
    Bhíod beagán curadóireachta déanta ag gach duine dhó [f]héin agus dhíolfhaidís an fuighleach.
    Bhíodh an mhóin níos fairsinge an t-am sin ná mar atá anois agus ar an ádhbhar sin bhí níos mó le díol aca ná mar atá anois.
    [I]s féidir an casán a fheiceál faoi'n droichead fós a mbíodh na daoine ag dul treasna air fadó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máighreád Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann