Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 251
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ariamh roimhe sin.
"A bhfuil aon cheird agat" adeir siad.
"Tá" adeir mac an Rí, tá mé go han-mhaith ag deasú claidheamhana.
Is tú a theastuigheann annseo adeir siad.
Thosuigh siad ag caitheamh claidheamhte aige agus budh ghearr go raibh siad chomh nua is bhí siad ariamh.
Faoi cheann cúpla lá bhí árd-mheas air, ag na Cailleacha Dubha, agus fuair sé eochair chuile sheomra san teach. D'fhan sé seachtmhain in-aoinfheacht leis na Cailleacha Dubha.
An oidhche seo thug sé leis an claidhaimh, agus bhí na Cailleacha 'na gcodhladh.
D'osgail sé an áit a raibh an chlaidheamh istigh acht bhí lochlann [!] geal ar fuaid na háite agus dhúisigh sé duine de na Cailleacha Dubha.
Dhúisigh sise an chuid eile agus lean siad mac an Rí.
"Cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa adeir siad, nó céard a bhí dúil agat a dhéanamh ár gclaidheamh soluis bhreágh a ghoid uainn."
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé, acht mac Rí ó'n Domhan Thiar, agus d'innis sé an sgéal ar fad dhóibh".
"Muise má's mar sin atá an sgéal agat-sa ní bheidh do bhás orainne", adeir siad, acht cuirfidh muide fá gheasaí thú gan an dara h-oidhche a codhladh ar aon leaba ná an dara béilidhe a itheadh aon [!] bhord nó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe