Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 250
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fad dhóibh"
"Muise más mar sin atá an sgéal agat-sa ní bhe[idh] do bhás orainne" adeir siad, acht cuirfidh muid fá gheasa thú .i. gan an dara béilidhe a itheadh ar aon bhord ná an dara h-oidhche a chodhladh ar aon leab[a] nó go dtuga tú chugainne annseo an chlaidhaimh soluis atá ag na Cailleacha Dubha atá san Ríoghacht ó Thuaidh.
D'imthigh le mac an Rí agus casadh an sionnach[ín?] aríst leis. Bhí sí an-díomhbhuaidheach dhó acht mar sin féin rinne sí capall dhí féin aríst agus dubhairt sí leis a dhul ar a druim.
Rinne sé amhlaidh.
Nuair a bhí siad gar de thighe na gCailleacha Dubh[a] dubhairt an sionnachín le mac an Rí a dhul isteach agus gan an chlaidheamh a osgailt nó go dtabharf[adh] sé chuice fhéin í.
"Nuair a bhuailfas tú an doras" adeir sí, fiafróchfa[idhe] dhíot a bhfuil aon cheird agat agus abair go bhfuil." "Ní fhaca siad siúd fear ariamh cheanna agus ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfas siad leat, ach[t] bí deas cineálta leó".
D'imthigh mac an Rí isteach agus d'fhan an sionnachín taobh amuigh.
Bhí na Cailleacha Dubha an-fhiadháin ar dtús agus ní raibh a fhios acab céard a dhéanfadh siad le mac an Rí, mar ní fhaca siad aon fhear cheanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe