Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caitheadh léim a deir sé agus chuir sé geall go m'fhearr ag caitheadh léim é ná an giorrán.
Bhí soipín féir amuigh i lár an phoill agus dubhairt an fear go gcaithfidh sé a chois a leagann ar an sop i gcomhnuidhe. Nuair a chaith an giorrán é chuaidh sé síos go dtí a mhuinéal ann. D'imthigh an fear leis agus an giorrán fágtha sa bpoll aige. Is gearr go bhfaca sé an madar ealla ag tigheacht. "Tá mé réidh anois mar a bhfuil seift agam". Chuaidh sé amach agus thosuigh sé ag déanamh súil ribe idir dhá chrann. d'fhiafruigh an madar ealla de céard a bhí sé ag déanamh annsin. "Tá mé ag déanamh súil ribe agus is gearr go mbeidh sé déanta agam,má thugann tú conghnamh dhom, cuir do chloigeann isteach idir an dá chrann. Nuair a fuair sé an cloigeann istigh d'fháisc sé air agus d'fhág sé annsin é agus é dhá thachtadh. D'imthigh leis annsin agus is gearr go bhfaca sé an n-oilphéist ag teacht ina dhiaidh. "Ó tá mé réidh anois ó fhaid go dtí é. Bhí tuath ins an gcarr aige agus chuaidh sé amach ag sgoiltuighadh crainn. Tháinig an t-oil-phéist aige agus d'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag déanamh annsin. Tá mé ag déanamh rada ann-dheas. 'Sé an t-ainm a thugann siad air cláirseach. Is gearr go mbeidh sé déanta agam má thugann tú conghnamh dhom, sáith isteach do iorball ins an sgoilt sin. Sháith an n-oil-phéist isteach a iorball sa sgoilte, thosuigh sé air gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Míceál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraich Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann