Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghearr se an crann agus d'fhág sé ar iorball an iol-phéist é. Ghread sé leithe go dtáinic sí go dtí an rígh agus bhain an crann dá iorball agus dubhairt sé léithe imtheacht agus an madar ealla agus an giorán fhágháil agus imtheacht leithe agus an feara mharbhadh. D'imthigh an oilphéist agus fuair sí an giorán agus tharraing sí as an bpoll é, fuair sí an madar ealla agus sgaoil sí é. D'imthigh siad annsin agus nuair a chonnaic an fear ag tigheacht iad "Tá mé réidh anois mar a bhfuil seift agam". Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé, ceard a rinne sé ach é féin agus an bhean thosuigh ag bualadh a chéile sa gcarr.
Bhfuil fhios céard tá sé ag déanamh anois deir siad. Tá sé ag déanamh tom brocóg le mise a chuir ann. Ní ghabhadh níos fuide. Ní headh a deir an madar ealla ach ag déanamh súil ribe le mise a chuir ann. Ní ghabhadh mise níos fuide. Ní headh adeir an iol-phéist ach ta sé ag sgoiltuigheadh crainn le mo iorball a chuir ann. Ní ghabhadh mise níos fuide.
D'imthigh leo abhaile agus d'éist siad leis.
Mícheál Ó Maille.- Bailitheoir
- Míceál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraich Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann