Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Mac Baintrí Chill Ghlasáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Chonnaiceas" a deir an fear "ag mo mháthair féin i gCill Glasán. Bíonn féin agus é féin ag troid go minic. Bhí mé lá ag dul suas i gcrann agus bhris géagán faoi mo chois. Thuit mé anuas agus chuaigh mé go dtí mo dhá ghualainn síos sa talamh. Nuair a chonnaic an madar ealla mé rith sé chugam nó go marbhócaidh sé mé. Ní raibh aon bhlas le déanamh ach mo chloigeann a bhaint díom féin agus é a chur abhaile le scéala chuig mo mháthair. Nuair a chonnaic an madar ealla an cloigeann ag imtheacht agus an fhuil dhearg air lean sé é.
    Nuair a chonnaic mise an madar ealla ag ritheacht i ndiaidh mo chloiginn d'éirigh mé agus rug mé ar ghéagánagus lean mé dó agus níl aon bhuille dá dtug mé dó nar chuir mé mac ríogh nó ridire siar thar a thóin.
    "Thug tú h-éitheach, thug tú h-éitheach, thug tú h-éitheach" deir an rí. "Tá t-inghean agam a dhuine uasail. "Tá agus nár mairidh tú í".
    Thug sé sean-chapall agus sean-charr dó lena bhean a thabhairt abhaile. Nuair a bhí sé imthighte tamall chuir sé giorrán ina dhiaidh agus d'iarr sé air an fear a mharbhadh. Nuair a chonnaic an fear ag tigheacht é, chauigh sé amach as an gcarr agus thosuigh sé ag caitheamh léim thar tom brocóg. Nuair a tháinig an giorrán chuige d'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag déanamh annsin. Tá mé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Míceál Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraich Ó Fatharta
    Inscne
    Fireann