School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 019
  3. XML “Mac Baintrí Chill Ghlasáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    caitheadh léim a deir sé agus chuir sé geall go m'fhearr ag caitheadh léim é ná an giorrán.
    Bhí soipín féir amuigh i lár an phoill agus dubhairt an fear go gcaithfidh sé a chois a leagann ar an sop i gcomhnuidhe. Nuair a chaith an giorrán é chuaidh sé síos go dtí a mhuinéal ann. D'imthigh an fear leis agus an giorrán fágtha sa bpoll aige. Is gearr go bhfaca sé an madar ealla ag tigheacht. "Tá mé réidh anois mar a bhfuil seift agam". Chuaidh sé amach agus thosuigh sé ag déanamh súil ribe idir dhá chrann. d'fhiafruigh an madar ealla de céard a bhí sé ag déanamh annsin. "Tá mé ag déanamh súil ribe agus is gearr go mbeidh sé déanta agam,má thugann tú conghnamh dhom, cuir do chloigeann isteach idir an dá chrann. Nuair a fuair sé an cloigeann istigh d'fháisc sé air agus d'fhág sé annsin é agus é dhá thachtadh. D'imthigh leis annsin agus is gearr go bhfaca sé an n-oilphéist ag teacht ina dhiaidh. "Ó tá mé réidh anois ó fhaid go dtí é. Bhí tuath ins an gcarr aige agus chuaidh sé amach ag sgoiltuighadh crainn. Tháinig an t-oil-phéist aige agus d'fhiafruigh sé dhe céard a bhí sé ag déanamh annsin. Tá mé ag déanamh rada ann-dheas. 'Sé an t-ainm a thugann siad air cláirseach. Is gearr go mbeidh sé déanta agam má thugann tú conghnamh dhom, sáith isteach do iorball ins an sgoilt sin. Sháith an n-oil-phéist isteach a iorball sa sgoilte, thosuigh sé air gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Míceál Ó Máille
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraich Ó Fatharta
    Gender
    Male