Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Scéalta faoi Fhathaigh”
  4. XML “Scéalta faoi Fhathaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus fuair sí mála builiní agus túg sí leithe abháile iad. Táinic sí abháile agus nuair a táinich sí chuir sí an fatach agus Seán ag ithe. Cé agaibh an fear is fearr ag ithe adeír sí. Sé an fear is fearr ag troid é. Bhí mála mór ag Seán taobh istigh agus bhí sé ag caiteadh na mbuiliní isteac ann.agus ni raibh sé ag ithe morán. Bhí an fatach dhá tactha féin leis an méid a bhí sé ag ithe. Dubhairt an fatac le na máthair nac bfacha sé aon fear ariamh chomh mhaith le Seán. Chuaidheadar amac agus bhí an fatach dhá tabhtha le na raibh ithe aige. Chaith seán na builiní as an mála bhí taobh istigh aige. D'iarr an fatac ar Seáin na builiní a caiteadh amac dhó feín. Fuair Séan sgein agus saith sé an fatach agus marbuigh sé é. Bhain seán an ceann do'n bfatac agus chuaidh sé go dtí an Rí. Táinich iontas ar an Rí nuair a connaic sé Séan ag teacht agus ceann an bfathaibh aige. Chuir muinntir an tighe fáilte roimhe aghus pos ingean an Rí é. Cuadh sé go dti teach a mátair agus chuir sí fáilthe roimhe nuair a táinic sé isteac mar ceap sí go raibh sé marbh fad ó an lá ag na faiteacaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fatac na comnaidhe ar oileán i loch sginimh. Bhí balla mor déanta aige ann agus is ann a bhíodh an fatach ag codhladh san oidhche bhí an balla iseal taobh istigh agus bhíodh sé árd taobh amuigh. Ní raibh bád ar bith aige Sé an caoí a theigheadh sé isteach agus amach ar an oileán. Bhíodh piosa fada leathann amaid aige agus dá piosa beaga eile. Shineadh sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chúaláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe