School: Garán (roll number 11721)

Location:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Teachers:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0033, Page 0164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Garán
  2. XML Page 0164
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    léighinn go Teamhair ag foghluim staire na tíre. Bhí cabhair láidir ag Cormac agus bhí na Fianna aige leis an tír do chosaint. Deireann na sean daoine gur chaill sé radharc a leath-shúile, agus go mbéigin do éirighe as an rialtas. Deireann cuid aca gur tachtadh é agus é ag ithe éisg. Deirtear gur chreid sé in nDia sur má fuair sé bás. Fadó do chuirtí righthe Éireann ag Brugh na Bóinne. Níor chuireadh Cormac Mac Áirt annsin ma[r] dubhairt sé sul a bhfuair sé bas é a bheith curtha in áit eile. Níor thaitnigh sin le na mhuinntir agus dubhairt siad go gcuirfidís 'san t-sean áit é. Nuair a bhí siad ag dul treasna na h-abhann d'éirigh an t-uisge agus sguabadh an cónra go dtí an áit ar dhubhairt Cormac Mac Áirt é féin a bheith curtha.
    ___
    Do bhí dream daoine in Éirinn fadó agus na Fianna tugtaoi ortha. Dó bhí na Fianna ag cosaint na tíre in aghaidh a namhad. Daoine gaisgeamhla dó b-eadh iad. Níor innis na Fianna aon bhréag ariamh. Bhíodh na Fianna ag fiadhach o Iúl go Samhain. Dó bhíodh siad ag marbhughaidh na n-ainmidhthe n-allta. Sé an cuspóir a bhí ag na Fianna na Neart ár nGeág, Glán ár gcroidhe agus an fhírinne a innsint i gcomhnuidhe. Do bhí na Fianna an leigheannta Dó bhíodh siad in a gchomhnuidhe amuigh fá'n dtír 'san Samhradh. Dó déanidís leabhaidh doibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
        2. Cú Chulainn (~40)
    Language
    Irish