School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0019
- XML “An Doineann”
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beidh stoirm mhór ann lá'r na mhárach. Nuair a cloistear an buaidh amuigh ar an fhairrge bíonn báisteach ag teacht. Is comhartha báistighe bógha-leac a fheiceál ar an spéir. Nuaira thosnuigheann sé ag báistighe roimh a seacht a' chlog stadann sé roimh a h-aon dhéag. Nuair a bhíonn na faoilleáin ag sgreadaghail um thráthnóna sin comhartha go mbeidh an aimsear an fhuar. Nuair a bhíonn na faoilleáin ag sgreadaghail go deireannach san oidhche sin comhartha go mbeidh stoirm mhór ann.
- Do réir na bpéin dlighthe níor ceaduigheadh scoil do chur ar bun do Chaitilicigh ná caitiliceach a bheith i mbun scoile. Cé go raibh grádh mór ag na Caitilicig do'n léighinn, ní leigfeadh siad dá gclann dul go dtí na scoileanna Protastúnaca . Le dul ó'n dlighe do bhí scoil scairte i ngach paróiste agus théigheadh na scoláirí chun an scoil scairte sin. Do thagadh na scoláirí le chéile i mbothán cois claide agus thugaidis roinnt airgid do fear chun iad do mhúineadh. Do bhíodh siad i na suighe ar bhinnsí agus ar suidheacáin agus bhíodh siad ag fógluim ins na botháin sin. Do bhí sin i n-aghaidh an dlighe acht do leanadh de go dtí míle ocht gcéad agus caogadh nó mar sin. Do bhí cúpla(continues on next page)