Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 278
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é Doire an Chasain an t-ainm atá ar an bhaile a bhfuil mé i mo chomhnaidhe ann, agus is é Paroiste Mhíodhbhaigh ata sé ann. Tá cúig toighte déag ins an bhaile anois agus bhí beirt ann i bhfad ó shoin. Tá seacht de na toighte a bhfuil sglataí ortha agus tá tuige ar an chuid eile. Is é Gallchobhair an sloinneadh is coitcheann atá ins an bhaile. Sé an fath ar tugadh Doire Chasain ar an bhaile, mar go rabh coillidh mhór ann i bhfad ó shoin, agus ní rabh áit ar bith le siubhal acht frid chasain beaga. Tá seacht sean duine os cionn deich mbliadhain is trí fichid sa bhaile mar tá:Donnchadh Mac Giolla Bhrighdhe
Cuirlí Mac Aodha
Síle Ní Chearr
Mairid Nic Laithbheartaigh
Mangus Mac Giolla Bhrighdhe
Máire Nic Giolla Bhridghde
Seamus Ó Gallchobhair.Bhí coir shean bhallaí na luighe thall is a bhfus. Bhí sean bhalla ag taobh theach Mhairead Nic Ghiolla Bhrighde, agus bhí Domhnall Ó hOireachtaigh na comhnuidhe ann, agus d'fhag sé é agus cuaidh sé go Merioca. Níl coillte ar bith fríd an talamh atá sa'n bhaile anois. Níl an talamh atá sa'n bhaile acht go measardha, Ní rabh siad ariamh ins na amhrain no in sean rádh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall