Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 268
- XML “Luibheanna”
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)268Tír Conaill.Tá an fear seo 60 bliadain. Fuair sé an scéal san bliadain 1829.
- Luibheanna. Tá cuid mhór luibheanna ag fás ins an cheanntar seo. Tá biolar ag fás agus thig leat sin a mheasgadh fríd rudaí eile agus tá sé maith fá choinne an tshlaghan. Tá bachrann ag fás igcois na h-aibhneacha agus tá sé iongantach maith fá choinne ceann tinn. Fosta tá niallas ag fás agus cuirtear fríd phoitín é. Tá slánlus ag fás agus gnídheann na daoine úsaid de fá choinne ba a chothughadh. Fosta tá neanntóga ag fás agus bruitheann na daoine é fá choinne na mbó. Fosta tá slatacha talaimh ag fás. Tá flit ag fás agus tá sé iongantach maith fá choinne at. Fosta tá dearcan maith fá choinne ba a chothughadh. Tá gairleóg ag fás agus tá sé iongantach maith fá choinne ithe, má bhíonn bráighead nimhneach ag duine. Tá cnadhain ag fás agus is in ait a mbíonn talamh olc a fhasann siad agus tá siad iongantach maith fá choine neascadaí. Tá luibh eile ag fás darbh ainm ciotal an gharraidhe agus tá cuid mhór duilleógaí ag fás air. Fosta tá súile buidhe ag fás agus ní fhasann siad in áit ar bith ach an ait a bhfuil talamh iongantach maith. Fásann siad fríd an choirce(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall