Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 209
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bréagáin agus caitheamh aimsire.
    Is maith le gach gasúr agus gach cailín a bheith ag déanamh bréagáin mar caitheamh aimsire. Bíonn na cailíní ag déanamh babogaí de shean éaduigh agus de pháipear agus annsin nuair a bhíonn siad déanta suidheann siad síos agus gnídheann siad cultachta deasa doibh. Bíonn cuid eile aca ag déanadh toighte de cipíní bheaga agus bíonn cuid eile aca ag déanamh muca agus fear ba de lób. Ins an Ghreimhreadh nuair a bhíonn an sneachta ar an talamh bíonn siad ag déanamh fear sneachta agus ag caitheamh sneachta ar a chéile. Ins an t-Samhradh bíonn na cailíní beaga ag déanamh toighte beaga ins an ghaineamh. Bíonn buicéadaí agus spáidí aca agus bíonn siad ag déanamh caisléan ar an ghaineamh. Bíonn siad fosta ag déanamh badaí ins an ghaineamh. Bíonn na gasúraí ag déanamh bádaí de pháipear agus de adhmad agus de bhocsaí stáin agus bíonn siad ag déanamh seoltaí de éadach dóbhtha agus annsin cuireann siad iad amach ar na loca. Fosta bíonn siad ag déanamh toighte beaga de clocha beaga agus bíonn siad ag déanamh asail de pháipear agus dá gcur isteach ins na toighte beag seo. Bíonn na buachaillí ag déanamh gunnaí de chipiní agus ag caitheamh uisge leobhtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Padraic Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall