Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 168
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Daoine cáileamhla.Ins an t-sean aimsir bhí cuid mor daoine cáileamhla in Éirinn. Chuid de na daoine is láidre a bhí ins an áit seo. Brian Mac aghiolla Chearr, Murlog, Na Dúnaibh, agus Sean O Gallchobhair, Árd Bán Na Dúnaibh, agus Tuathail Ó Dubhthaigh, Gleann Raothaigh, Tráigh na Rosann, Tír Chonaill. Bhí fir reatha ins an áit seo fósta agus ba e Éamonn Mac Laithbheartaigh, Dumhaigh Na Dúnaibh a b’fearr ag reathtail. Is iomdha rása a ríth sé agus uair amháin ríth sé ó Dhumhaigh go dtí Carraic Áirt agus ní rabh sé tuirseach. Bhí fear eile ins an áit a bhí maith ag reaththáil dar’bh ainm, Pádraig Mac Láitbheartaigh, Dumhnigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill. Uair eile bhí Éamonn Mac Laithbheartáigh amuigh ar rása le fear darbh ainm Séamus Ó Dubhthaigh Carraic Áirt Tir Chonaill, agus bhí an bhuridh ag Éamonn. Bi chéad slat an fháid de’n rása agus níor ghlac sé Éamonn acht deich [setúnd]?. Bhí fear eile darbh(leanann ar an chéad leathanach eile)