Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saidhbreas i bhfolach sa'n chnoc Mór I bfad ariamh ó shóin nuair a bhí na lochlannaigh in Éirinn [ch?]uaidh siad síos go dtí Cnoc Mór, agus bhí cuid mhór oír leobhtha agus chuir siad é i bhfolach faoi charraic mhóir. Nuair a bhí an t-ór i bfolach aca d'imthigh siad, agus chuaidh siad amach in a gcuid bádaí beaga, agus d'imthigh siad go dtí a dtíortha féin arais. Fiche bliadain na dhiaidh sin b'éigin dobhtha a gcuid tíorthacha a fhágail arais mar déirigh siad bocht.Smaoitigh siad gur fhág siad ór i bhfolach in Éirinn. Tháinig siad go h-Éirinn agus tháinig siad i dtír ag Dumhaigh. Tháinig siad amach as a gcuid bádaí beaga, agus d'imthigh siad leobhtha suas go barr an chnuic go bhfuigheadh siad an t-ór. Acht nuair a chuaidh siad suas ní thiocfadh leobhta é a fhághail. Bhí dearmad deánta aca ar an áit a chuir siad é i bhfolach. Tamall maith na dhiaidh sin chualaidh Micheal Ó Siadhail as Cnoc Mór go rabh ór i bhfolach faoin charraic áit éiginteacht fríd an chnoc. Chuaidh sé amach le sac agus thoisigh sé ar chuartughadh, acht mo léán, bhí sé seacht mbliadhna ag cuartughadh an óir sul a bhfuair sé é. Lá amháin chuaidh sé amach fríd an chnoca chuartughadh mónadh mar bí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheal Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall