Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar na buachaillí na caiple a dhíol agus an luach a thabhairt do agus thug. Chuaidh sé isteach arís agus caill sé sin. Bhí deireadh caithte annsin acu agus rinn siad amach go rachadh siad in-arm Sasan agus cuireadh anonn go sasain iad. Nuair a bhí siad tamall 'san arm d'éirigh siad tuirseach ann agus d'imthigh siad leobhtha ar a seachnadh. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh siad isteach i gcoill. Chonnaic siad solus beag agus tharraingt siad air. Caidé a bhí ann ach caislean bréagh agus chuaidh an tríur acu isteach ann. Ní rabh duine ar bith istoigh ann agus cuartuigh siad thart go bhfuair siad rud inteacht le h-ithe annsin chuaidh siad isteach i seomra agus luighe siad ann. Nuair a bhí an lá ag glanadh tháinig tríur cáilin isteach 'san cáislean agus cuaidh siad fhad leis an áit a rabh na buachaillí na gcodladh. Bhí Seagan musgailte agus labhair sé leobhtha agus d'innis deobhtha caidé an dóigh a dtáinig siad ann agus d'iarr na cailiní ortha fanacht lá ar na barach agus d'fan. Nuair a bhí siad ag imtheacht thug an cead cáilín spáran beag do Sheaghan agus dubhairt sí leis go mbeadh guiní ór 'san spáran 'acan am a bhfosgladh sé é. Thug an cáilin eile fideog do buachaill amháin agus an cailin clocáin draoidheachta do'n treas buachaill agus d'iarr siad ortha na rudaí sin a coinneailt ar feadh bliadhain agus lá agus d'imthigh an triúr buachaill leobhtha arís d'iarr Seaghan ar a bhuachaill a rabh an clocháin droideachta aige iad a fhagailt i mBaile-Bó-Feidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEarlaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamús Mac Aodhchain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall