Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go rabh rud éighinteacht contrailte. Níor lig an gasúr a ghath air féin.
Ar maidín lá thar-na-bhárach chuir ar gasúr amach an t-eallach agus chuir sé isteach ins an garramh iad. Chuaidh sé féin suas ar chrann agus thoisigh a ithe ubhlaí. Ní rabh sé I bhfad go bhfaca sé an fathach ag tarraingt air. D’iarr an fathach air a theacht anuas go muirfeadh é. Chaith an gasúr anuas an claidheamh agus mharbh sé an fathach.
Nuair a chuir sé an teallach chun na bhaile an oid[hche] sin bhí níos mó bainne aca. An oidhche seo chuaidh an maighistir amach ní rabh le cluinstin aige acht búir amháin agus dubhairt sé go dtáinig rud éighinteacht ar na fathaigh agus níor lig an gasúr a ghath air féin.
An dara lá chuir sé an t-eallach isteach ins an gharramh agus cuaidh sé féin suas ar chrann. Ní rabh sé I bhfad shuas go bhfaca sé an fathach ag tarraingt air. D’iarr an fathach air a teacht anuas go muirfeadh sé é. Chaith an gasúr an claidheamh air agus bhain sé an ceann dó.
An oidhche seo chuaidh an maighistir amach agus ní rabh búithe ar bith le cluinstin aige agus bhí iongantach mór air acht níor lig (lig) an gasúr a ghath air fé[in]?
An lá ina dhiaidh sin chuir sé an t-eallach isteach ins an garramh Chuaid sé suas ar chrann agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall