Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 520

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 520

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 520
  3. XML “Scéal - An Fear a Bhí ag Dul go dtí an Domhan Thoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Fear a bhí ag dul go dtí an domhain thoir.
    Bhí fear ann, agus bhíodh sé ar shiubhal leis, ar fad. Chaithfeadh sé oidhche (a) i gach teach, ag bhí [aithne]? ag gach duine air. ins an deireadh ní leigfeadh duine ar bith isteach é.
    Oidhche amháin bhí sé ag dul fríd choillidh, agus bhí sé iongantach tuirseach, agus shuidh sé síos, annseo agus bí caisleán deas annseo, acht fathach a bí na chomhnuidhe ann. D’imthigh sé leis agus chuaidh sé isteach d’iarr sé lóistín na h-oidhche, dubhairt an fathach leis amach leat seo droch chaisleán na tá cuid mhór droch dhaoine na gcomhnuidhe annseo.
    D’imthigh sé leis agus chuaidh sé go dtí an fhairrge, agus casadh fear air a bí ag dul go dtí an Domhain Thoir agus d’iarr sé eisean a bheith leis. D’imthigh an bheirt aca leobhtha sa bhád agus bí siad tamall maith ar shiubhal i lár na fairrge chonnaic siad teach. Dar leobhtha go rabh siad ins an domhain thoir agus chuaidh siad isteach san teach, agus bí fear agus chuir siad ceist ortha an beith seo an Domhain Thoir. Dubhairt siad na beith agus dubhairt an bhean leo duine ar bith a chuaidh annsin ariamh níor pill
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhuibhir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Colla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    83
    Seoladh
    Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall