Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 512

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 512

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 512
  3. XML “Scéal - Fear na Cruite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear Na Cruite.
    Bhí beirt dearbhrathacha ina gcomhnuidhe ins an chnoc fadó shoin agus bhí cruit ortha. Lá amháin bhí fear aca ag shiubhal an bhealaigh mhór agus (thoisig) sheasaigh sé taobh balla mór a dheanamh sgíste.
    Mhothaigh sé na daoine beaga ag ceól Dia Luain, Dia Mairt astoigh ins an balla. Sgairt seisean Dia Ceadaoine.
    Thoisigh na siadsan a cheol Dia Luain Dia Máirt Dia Ceadaoine agus bhí luthghair mhór ortha agus bhain siad an chruir do.
    Nuair a chuaidh an fear seo na bhaile dinnis sé dá dearbhrathair cáide tharla. Chuaidh an fear seo go dtí an áit cheadna agus chuala sé iad ag ceol Dia Luain Dia Máirt Dia Ceadaoine. Sgairt séisean Diardaoin agus mhill sé an t-amhrain.
    Annsin chuir siad an chruit a bhain siad don fhear eile air. Nuair a chuaidh sé na bhaile shíl ‘ac an duine gur mála preátaí a bhí astoigh faoi na cóta leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Srath Máirtín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomas Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall