Scoil: Niall Mór (uimhir rolla 11843)
- Suíomh:
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: B. Mac Niallghuis

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 243
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Niall Mór
- XML Leathanach 243
- XML “Draíocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sin cumhacht a bhí ag corr dhuine fad ó leis an chumhacht seo thiocadh leobhtha rudaí iongantacha a dheanamh nach dtig leis na daoine atá ann anois a dheanamh. Seo sgéul fá chleas dhraoidheachta a dimir fear as an bhaile seo. Trathnóna amhain samhraidh chruinnighthe bunadh na Cealla beaga ar an t-sráid le feachaint ar rud iongantach a bhí ar siubhal . Sé ceart a bhí ann agus í ag tarraingt smutáin na diaidh , an rud iongantach seo . Tháinig fear anuas ón chnoc agus cliabh féin gláis leis agus d'iarr sé ar fhear eile caidé bhí siad ag amharc air . Dubhairt seisean leis' Nach bhfeiceann tú an chearc sin ag tarraingt smutáin na diaidh' Amadaighe sin sifín cochain " ar seisean , Bhí fhios aige nach smutáin a bhí sí ag tarraingt ach sifín cochain mar bhí seamróg na gceithre nduilleog i measg an fhéir.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán O Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall