Scoil: Niall Mór (uimhir rolla 11843)
- Suíomh:
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: B. Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Niall Mór
- XML Leathanach 253
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear na chomhaidhe shíos i Machaire tá fad ó shoin. Lá amháin chuaidh sé ag iasgaireacht fa na carraiceachaibh comhgarach de na h-uaigeachaibh”
Bhí fear na chomhnaidhe shíos i Mathaire tá fad ó shoin. Lá amháin chuaidh sé ag iasgaireacht fa na carraiceachaibh comhgarach de na h-uaigeachaibh. Nuair a bhí sé ag dul thart ag bun carraige chonnaic sé maighdean mara na suidhe ar charraig ag cioradh a gruaige agus a clóca na luighe ar charraig le na taoibh. D’fán sé ar feadh tamaill ag amharc uirthí annsin chuaidh sé suas fhad leithí i ngan fhíos dí agus thóg sé an clóca agus chuir sé faoi a ascaill é. Annsin chonnaic an mhaighdean mara é agus diarr sí air an clóca a thabhairt dí. Ach dubhairt an fear nach dtabhairfeadh sé dí é. Annsin thionnthuigh an fear le dul abhaile agus shiubhal an maighdean mara na dhiaidh agus chuaidh sí abhaile leis. Indhiaidh sin pósadh iad agus chomhnuigh siad le chéile ar feadh cúig bliadhna. Lá amháin nuair a bhí sé ag deanamh cruach-choirce chuir sé an clóca ins an chruaich. Chonnaic an bhean é ag deanamh seo agus thug sí an clóca leithí an oidhche sin agus chuaidh sí abhaile go dtí an fhairrge arais. Ón lá sin go dtí an lá indiu ní fhaca an fear í arais.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall