Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul suas. Chuaidh sé (suas) i bhfasta ins an chrúca i thuit a chuid putóg anuas ins an phóca bracháin a bhí ar an teinidh. Níor leig an fear beag ribeach ruadh dadaid air go dteachaidh fear a toighe agus a bhean ag ól an bhracháin.
Annsin rinne sé racht gáiridhe an dara gáire lá a dteachaidh fear an toighe amach ‘un an sgiobail agus nuair a thainic sé isteach (dinis) dinn(ea)s an fear beag ribeach ruaidhe dó go rabh an buachaill aimsire a pógadh a bhean nuair a bhí sé amuigh.
Tug Peadar iarraid an buachaill aimsire a bhualad annsin agus rinne an fear beag ribeac ruadh gáire.
La eile tainic Sáigdiúiré Connachta anuas le duthaigh Peadar a bainth amach. Nuair a bhí siad ag teacht scabh an fear beag an méid cipíní a bhí gearrtha aige le trí bliadna sgabh sé iad Chnoc Fodla go droicead a’ chladaigh.
Nuair a bhí sluagh Connachta ag tarraingth air, d’éirigh na cipíní(n) beó na Sáighduírí agus chuir siad an tóir ar Sáighduírí Chonnachta (c). Rinne an fear beag ribeach ruadh an thríomh as gairé annsin.
D’ímthigh sé leis annsin agus ní fhaca duinne ar bith niós mo é.- Bailitheoir
- Seosamh Dunlop
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Currain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall