Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus b’urranta aca bhí léim an dorais aca. Bhí an cuid a ba laige sin le na [?]cosa. Cuid eile nach rabh in-innimh corraighadh as áit na mbonn. Cuid eile thuit na gcnap i laige. Chuid a loitead sa teangbhail agus a chuaidh (tra) arsta ‘féin. Ní chluinnfea a dhath indo chluais acht caoineadh agus screadach agus béicfeach.
Bhí fear mór uachtach amhain ann a bhí annonn go maith i mbun a stuidéir. Chuaidh sé isteach agus cheanngail sé an marbhanach arís. Sgairt sé isteach ar an té a bhí fágta amuigh go n-abradh siad (siad) an paidrín. Chruinnigh siad isteach go h-úr nuaidh arís.
Bhí bean an toighe na seasamh ar leit na teineadh. Bean uath mhallach rásganta a bhí inntí a mbhead na comharsanaigh i gcomhnuidhe ag lagadh uirthí. D’amharc sí thart ceithre coirneil an toighe agus leigh sí uaill amhain aistí a chraith an t-urlár fuithe.
“Dá mbíodh múnadh orraibh”, arsa sise. “Dheanan lá go lá fheil Oádraig nach gcoinneochainn sé istoigh é acht ó tharla nach bhfuil rachaidh scaol air ar bhéal mhaidne”. - An Tiolar agus an Dreolán.
Thug an tiolar siorradh thart ar an fhál agus sgiorr an dreolán isteach faoi fhoscadh a bhadhbdhúin féin. Labhar an tiolar- “A éin bhig is deise a bhfaca mé riamh gabh ar mo mhuin go dtéighidhmid suas os cionn na néaltaí agus gheobhaidhmid radharc ar an domhan mhór”. Labhar an dreolán amach leis- “Níl dúil agam in aedhar an tsaoghail, níl árd agam ar phlámas ba beag ar tóin do phutóige. Mise is clann mo mháthra”.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Sléibhín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall