Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 54
- XML “An Caiftín Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tráthnóna. Tá teach beag shuas annsin a bhfuigh tú dídean ann”.
Smaoitigh an bhean go mbhféidir nach mbéadh gléas ró-mhaith ar a muintir sa bhaile le í a chongail agus ghlac sí comhairle an t-seanduine. Bhíodh an bheirt aca amuigh ag cruinniú sa lá agus an páiste ar scoil. Lá amhain a rabh siad amuighcasadh ortha pedlar agus a bhean agus chuaidh ‘un cainnte leó.
D’innis siad an doigh a bhí ortha. Is cosmhail gur bean as Baile Atha Cliath bean an phedlera agus go rabh a hathhair na “Merchant Mór”. Bhí barraidheacht teasa uirthí sa bhaile agus rith sí ar shiubhal leis an phedlar chéadna seo.
Bhál d’innis sí do bhean Gaothdobhar go dtabharfadh sí litir duithe ionnsair a h-athara i mBaile Atha Cliath agus go mbheadh sí maith go leór da dtéigheadh sí ann. Chuaidh sí féin agus an stocach. Chuir an Merchant seo léigheann agus foghluim roimh an stocach. Chuir sé ar scoil é le léigheann fairge a fhaghail.
Nuair a bhí sé oilte sa chéird seo bhí long tráchtal ag dul go h-India agus sé an fear seo a chuir an Merchant mar caphtaoin uirthi. Chuaidh gach rud ar aghaidh i gceart gur shroich an long an India. Lá amhain nuair a bhí an caphtaoin agus an mate ag spaisteóireacht thart comhgarach do choillidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall