Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 51

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 51

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 51
  3. XML “Domhnall Amaideach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Thainig) Thainic píobaire isteach agus thoisigh sé a(g) sheinm.
    “Níor Cualaidh mé ceól ariamh nár mhaith liom damhsa a dheánamh” arsa an seanduine.
    “Ná theígheann tú damhsa” arsa Domhnall.
    “Tuitfidh tú marbh indiaid an mhéid atá ólta agat”.
    Chuaidh Domhnall é Feín amach agus rinne sé cúrsa gur imthigh an Píobaire.
    Annsin thainig Ceathrar fear isteach agus iad ag iomchar comhnrach. D’fhág siad síos ar an urlár í agus bhain an clár dí. D’imthigh síad amach arís gan dadaidh a rád.
    “Má tá tú marbh goidé tá ag cur buadharta ort” arsa Domhnall agus má tá tú beó Eirigh agus gheobhaid tú togha gach bidh agus rogha gac digh”.
    “Marbhadh mé go h-Éagchórach”, arsa fear na Comhnrach “agus níol dídeann le faghail agam go h-Éistighidh duine éigin le mo scéal”.
    “Bhris mé póta ar mhnaoí agus Rinne mé droch-choimheadh ar cuidh mo dearbhrathra agus nuair a fuar mé bás bhí lán (de) barrailli de ór agam”.
    “Geobhaidh tú barraille amháin taobh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chreag
    Ainmneacha eile
    Anna Ní Chreag
    S. Ní Dochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall