Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 39

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 39

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 39
  3. XML “An Bheirt Ghadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bhfadó shoin bhí Éireannach ag obair ins an taobh ó chúl Aimeorca agus d’éirigh sé tinn. Thainig an doctúir chuige agus dubhairt sé leis go rabh an bás aige. Chuir an doctuir ceist air rabh moran airgid aige, dubhairt an t-Éireannach leis go rabh an oiread seo aige.
    “Bhal” ars an doctúir”, fhág an leath agam”, ars seisean, “ar mhaith leat an sagart teacht chugat sul a bhfuighthea bás”. Dubhairt an t-Éireannach leis gur mhaith. Thainig an sagairt agus tug sé faoiside agus comaoineacha dó, “anois” arsa an sagairt, “bhfuil moran airgid leat”. “Ta”, arsa an t-Éireannach, “an oiread seo céadtaí”. “Bal” arsa an sagart, “fág an leat agamsa”. “Maith go leor”, arsa an t-Éireannach. “Anois bhfuil duine ar bith de do mhuintir beó in Éirinn, “ta” arsa an t-Éireannach, mo sheanmhathair. “Agus” arsa an sagart leis, “ar maith leat mé a scríobhadh chuice agus innisint duithe caide an dóigh a bhfuair tú bás”, “Ba maith” arsa seisean. Thoisigh an sagart ar an litir. “Caidé cuirfidh mé inntí”, arsa an sagsrt. “Ta” arsa an t-Éireannach, “go bfuair mé bás mar bhéadh ar Slanuightheóir istoigh idir bheirt ghaduidhe”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Míchéal Ó Máirtín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Máirtín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    88