Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)greim air agus chuir isteach i mála é agus thug leis na locha é gabhail abháthadh ach ar a bhealach rith gearrfaidh amach trasna an bealaigh mhóir. D’fág Domhnall Mór síos an mála agus d’imtigh na dhiaidh.
Nuair a fuair Domhnall Beag ar siubhal Domhnall Mór thoisigh se a ceol “Aingeal ag dul i na fluitis”, bhí fear ag gabhail tart is céad bullogh leis. Rith sé anall go dtín mála agus arsa sé, “béidh mise leat”, “béidh má bheireann tú damh na céad bullóg sin”, arsa Domhnall. “Bhearfaidh cinnte” arsan fear “léim isteach annseo agus tiocfaidh Dia ar a bhomaite agus bheárfaidh Sé leis tú”.
Léim an fear isteach agus cheangail Domhnall Beag an mála. Thug Domhnall Beag leis na bullógái na bhaile. Tamall na dhiaidh sin tainic Domhnall Mor thug leis an mála agus chaith sa loc é agus arsa seisean “Anois a Domhnall Bhig ní bheidh tú ag magadh feasta orm”.
D’imthigh sé na bhaile agus lúthgháir mhór air. Bhí iongantas an t-saoghail air nuair a chonnaic sé Domhnall Beag roimhe agus na bulloghaí aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall