Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 3

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 3

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 3
  3. XML “Is Giorra Cabhair Dé ná an Doras”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins sa tsean am b'fhuarus biadh agus biotailte fhaghail ins an áit seo. Is cúmhain liom lá amhain bhí siad uilig ar an aonach ac mo mháthair-mhór agus mé féin. Nuair a chuir sí síos preataí arsa sise "níl dadaidh fa choinne an dinnéir indiú a Sheosaimh". Bhain mé anuas an tslat iasgiarachta, chuaidh mé síos an cladach agus ar an chead síneadh amach chuaidh mé i bhfasta i mbradán. D'éirigh sé dhá nó trí uaire. Bhí aitinn ins an áit acht bhí mé breagh luthmhar agus leig mé ruaim leis. Thug mé bun na slaite do anois agus arís mar d'fhoghain sé agus nuair a bhí sé sáruighthe agam chas me suas le í a thabhairt 'un cladaigh. Thug sé a'n léim amhain agus bhuail se sa bhrollach mé. Thuit mé ar mo thóin i dtom aitinne agus mharbh mé gearrfhiadh. Chuir mé thart mo dhá láim le ghabhail a éirigh agus luigh lach fiadain in ach a'n laimh do mo chuid. Bhí me arais sul a rabh na preataí bruite agus bradán, gearrfiadh agus dhá lach fiadhain liom. Ba é an Aoine a bhí ann agus ní dhearnmuid úsaid ach do'n bhradán. D'fhág mé na h-éanacha agus an gearrfiadh go Domnach agus agus bhí duine go súgach. Bhí braon anbhruith againn agus bhí deoch eiltig[?] againn na dhiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Mháirtín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seosamh O Baoghaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Goladoo, Co. Dhún na nGall