Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar lean ó leath 134198. Béal éin agus croidhe coileain
199. Léigh sé ó mholaidh na glóire é (scéal nó rún a scéitheadh nó [mí-chliú]? a chur amach ar duine)
200. Gheobhaidhmid tuilleadh ar eagla na fodla shuas (dá mbíodh duine ag fághail réidhe fá choinne rud speisealta ar bith agus eagla air nach mbéad a riarstan as aige fa choinne na hócaide, deirfead siad se. Ach goidé an rud na fodhla shuas?)
201. Ní has uisge fuar a d’éirigh sé (bhí chúis leis)
202. Mhá tá duil agat eolas maith faghail orm tar agus comhnuigh liom.
203. Bain a ‘chluas de’n (dáiltín) tuirtín agus tabhair a sháith do’n dáiltín (a dubhairt an taidhbhse leis an leas mathair).
204. Ba ghéar é gan (gab) gob. (Nóra Nic Giolla Brighde) (A. Ní C.)
205. Itheann muca míne féin triose.
206. Bean, cat agus caora na trí rudaí is roigne amuigh.
207. Ní ólann na mrá an lionn ach téidheann sé thart le na linn. (N. Ni G. B.)
208. Gealach na gConnlach - an ghealach a thig roimh an tSamhain agus a fhágas an tSamhain na dhiaidh.
209. Ní thuigeann an sáthach an seang agus ma tuigeann féin ní in am (Péigí Sheoiní. Oilean Uaighe)
210. Pós do thoil ach na pos do shaidhbhreas (sa tSean scéal)
211. Is fairsing Dia sa cumhglach (N. Ní D.)
212. An té a mbíonn an tocras air bíonn sé ag mianfaigh
(“You never yawned but ahen you want meat money or sleep”. A. Ní Ch.)
213. Thug sé urchar an daill fá’. Abhaill (féach scéal oisín)
214. Fadh is ta Dia linn is cuma cé tá ‘nár néadán.
215. Baineann an coimheadh maith an ceann den tubaiste. (N. Nic G. Brigdhe)
216. Bíonn uair na h-atchuinge ann. (“Good watching disarms danger”)
217. Is maith an rud an chuideachta go dtaraidh ann bidh.
218. Biseach an Aoine agus bás Dia Domhnaigh
219. Biseach don creáchta uachtar blaithce (Pedders cream)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Tomais
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Eadargóil, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- N. Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Paidí Mór Ó Sléibhín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- A. Ní Cheallachain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann