Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá bean ins an teach sin shuas", arsa seisean, "agus nuair a rachas tú isteach chuicí seo crámh duit agus sín chuici nuair a rachas sí a chrathadh lámh leat".
Rinne an t Eireannach mar h iarradh air agus bhí an oiread sin fíocha ar an chailligh chuige go dtearn sí smionag de'n crámh idir a dá láimh.
Thug sí do trapannaí le cur annsin fá choinne dobhar {chom}. D'iarr sí air nuair a gheobhadh sé ceann é a shailleadh in a chraiceann féin agus é a tabhairt chuici mar sin.
Rinne an t Éireannach amhlaidh agus sa deireadh bheir sé ar cheann agus shaill sé é in a chraiceann féin agus thug ionus 'uirthi é. Bhruith sise cuid de'n feoil annsin agus thug leadhb do le hithe. Nuair a bhlas se é chonnaic sé an t uathbhas {eaisgí} a bhí curtha i bhfolach ag na Lochlannaigh in gach ceard agus cearn d'Éirinn.
D'iarr sise air cuid den tsugh a ól annsin agus go bhfeiceadh sé an dá oiread. In áit sin nuair d'ól, 'sé rud a d'imthigh a bhfaca sé roimhe aca as a léarstan agus bhí sé comh dall ionnta as bhí ariamh. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.