Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- XML Leathanach 385
- XML “Tiarna Talún - Miss Gardiner”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Miss Gardiner" an t-urchar ins an éadan agus ins an mbrollach. Bhí sí clúduighthe le fuil. "Cé'n rud é sin" ar sise leis an mbáille"? "Sin urchar" ar seisean. "Bfluil mé caithce" ar sise?" "Tá faitchíos orm go bhfuil" ar seisean. Ar an nóiméad thuit sí ar an urlár. Níor leig an faitcíos do'n mbáille ná do'n gcailín aimsire an teach a fhágáil go dtáinig an lá. Annsin chuaidh an báille go Baile an Chaisil faoi dhéin an dochtúra. Nuair a tháinig siad ar ais ar éigin bhí "Miss Gardiner" beo. Níor chuir sí aon duine amach as an Seisiún annsin. Ní fhuair sí bás acht ní raibh sí ró-ghroidhearnhail i ndiaidh sin. Ní fhaca aoinne taobh amuigh de'n doras í ar feadh dhá bliadhain. Liam Ó Concubhair an t-ainm a bhí ar an Ruadhraí sin. Sin sgéal fíor. Thárla an méid seo i gCill Fhíon an áit a bhí comhnuidhe ar "Miss Gardiner".
Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh.
Ceapach
Michéal Ó Loinn
Ceapach.- Bailitheoir
- Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo