Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí Aimsire
An cat agus a dhroim leis an tine is é sin comhartha droch aimsire
Nuair a sgríobann an cat cos an bhuird is comhartha gaoithe é
Nuair a bháilíonn a lán préacán le céile in áit amháin is comhartha aimsire maithe é sin
Nuair a shamhlaítear go mbíonn na cnoic níos giorra dúinn ná mar is gnáth is é sin comhartha fearthainne
An capall agus a dhroim leis an gclaí sin comhartha fearthainne.
An tsúgha ag titim sin comhartha fearthainne
An coileach ag glaoch sin comhartha báis tighe
An ceó ag teacht thar na sléibhte sin comhartha báistí
An ceó ag teacht ón bhfarraige sin comhartha aimsire maithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Logach Thoir, Co. Mhaigh Eo