Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “An Bacach agus a Bhean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bacach agus a bhean ag iarraidh déirce fé'n dtuaith. Thug bean fheirmeóra galún bainne dhóibh lá. Tráthnóna an lae sin do shuidheadar síos ar charn chloc ar thaobh an bhóthair cun a stuirse a dhéanamh. Bhí an fear ag cnáimhseáil toisc nár éirigh níos fearr leo an lá sin. "Arú ná bí ag cnáimhseáil" arsan bean. "Feach" ar sise," díolfaimíd an galún mór bainen seo nuair a rachaimíd ar an mbaile mór agus ceannóchaimíd cearc ar an airgead. Béarfaidh an chearc uibheacha dhúinn, agus cuirfimíd na h-uibheacha ar gor. Beidh ál mór sicíní againn annsin, agus nuair a fhásfaodh siad, béarfaidh siad san mórán mór ubh. Díolfaimíd na h-uibheacha agus ceannochaimíd gamhain. Nuair a fhásfaidh an ghamhain sin beidh gamhain eile aici agus ní fada go mbeidh matha breágh bó againn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Thomáis
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Baile Glas, Co. Mhaigh Eo