Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal
Bhí cailín bocht ann uair amháin agus bhí a muinntir go léir marbh. An chéad Domhnach de gach mí thugadh sí airgead don sagart chun Aifreann do léighead ar son na n-anam a bhí i bpurgadóir. Bhí sí tinn uair amháin agus bhí uirthi dul chuig an otharlann agus nuair a tháinig sí amach ní raibh aici ach cúíg sgilleacha. Lá Samhna dubhairt sí go raibh sí bocht ach go dtiubhradh sí an cúig scilleacha ar son na n-anam a bhí i bpurgadóir. Bhí sí as obair agus nuair a bhí sí ag dul isteachchuig teach an phobail casadh fear uirthi agus thug sé cárta dí agus dubhairt sé leithí dul chuig an áit a bhí sgríobhtha ar an gcárta ag obair. Chuaidh sí chuig an teach agus chonnaic sí cailín ag imeacht ó'n teach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghleanna, Co. Mhaigh Eo