Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bacach ag gabháíl an bóthar lá. Bhí sé ag casaoid mar bhí sé an-bhocht. Chonnaic se daoine a raibh neart aca agus nach raibh sásta. "Indé chuala mé daoine," adubhairt sé, "ag cur síos ar fhear saidhbhir a chaill a raibh aige mar ní raibh sé sásta gan na mílte púnt." "Nár mhór an t-amadán é?" ar seisean leis féín. Bhéinn sásta dá mbeadh neart airgid agam." Ar an bpoinnte do phreab sidheóg amach chuige. "Is fada mé ag iarraidh conghnamh a thabhairt duit" ar sise, "cuir amach do hata agus líonfaidh mé le h-ór dhuit é. Acht cuimhnigh ar seo, má tuiteann bonn ar bith as ní ór a bhéas agat ach cloichíní." Bhí leis an mbacach annsin. Chuir sé amach a hata agus thosuigh an sidheóg ar phíosaibh óír do chur isteach ann. Níórbh fhada go raibh an hata(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo