Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 249

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 249

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 249
  3. XML “Brochán Aréir é”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráthnóna amháin shuidh cúigear fear a raibh ocras mór ortha síos ag bord chun suipéir leithean d'ithe. Bhí an leite an-the ach ní raibh fhios ag na fearaibh go raibh sé chomh te is a bhí. D'ith an chead fear spúnóg di ach, mo léan! bhí sé scálta aice acht níor leig sé air ach dubhairt "Brochán aréir é." D'ith an dara duine pioch agus thárla an riud céadna mar an chéad fear. Bhí sé comh críonna leis an bhfear eile agus níor dhubhairt seise ach "Mairg nár teidheadh é." Nior dhubhairt an tríomhadh fear acht "Mar seo d'ól sibh féín é," agus dubhairt an ceathrar fear "Níor thug an fiach dubh dá éin é" agus an cuigear fear, "Má thug ní leis féin é."

    Máire Bean Uí Giollaruaidh
    Ceapach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Giollaruaidh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo