Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    25) Tar éis gach stoirme tagann ciúineas
    26) Is cuma cé'n troid atá sa tsráid badh cheart ciúineas a bheith sa mbaile
    27) Nuair a bhíonn an ghrian go h-árd sábháil an féar
    28) Ní teach é gan teine
    29) Is cuma cé'n fhaid atá an lá acht tiocfaidh an oidhche
    30) Duine atá fanacht ar dhaoine eile chun a chuid oibre a dhéanamh beidh sé gan déanta aige
    31) Triall na gcearc ag dul go h-Albain
    32) Muna gcuiridh tú snaidhm ar cheann na snáithe beidh an chéad greim eile i n-aisge agat
    33) Ná bí idtosach sa bportach na deireadh sa gcoill
    34) Tá iasg sa bhfairrge chomh maith is ceapadh ariamh
    35) Ní sgéal rúin é ath rúnach triúir é
    36) Is fearr suidhe gearr ná seasamh fada
    37) Bíonn biadh toirmeasgtha igcomhnuidhe milis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge