Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Beannchor Iorrais
- XML Leathanach 286
- XML “An Bá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- As na Státaí a tháinic Micheál Ó Conmhachán ar fear a phós Máire Ní Murchadha as Ait-a-Bhaile timceall seachtmhó bliadhain ó shoin. Chuaidh Micheál Ó Muiníle as "Fál Ruadh" leis an bpósadh, go h-Achmhas agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile tar éis an bpósadh bhí tuile mhór san abhainn ag "Béal ná Buidhe". Ní
raibh misneach ag aoinne aca a dhul treasna na h-abhainn annsin. Dubhairt Micheál Ó Muiníle go ngeobhadh seisean treasna. Chuaidh sé amach ar a ghiorrán
agus scuab an tuile é fhéin agus an giorrán léithe. D'fhill gach duine ar ais agus d'imthigh siad ar bhealach eile go dtáinic siad abhaile.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaoilearca
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluainte Cille, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antoine Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluainte Cille, Co. Mhaigh Eo