As na Státaí a tháinic Micheál Ó Conmhachán ar fear a phós Máire Ní Murchadha as Ait-a-Bhaile timceall seachtmhó bliadhain ó shoin. Chuaidh Micheál Ó Muiníle as "Fál Ruadh" leis an bpósadh, go h-Achmhas agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile tar éis an bpósadh bhí tuile mhór san abhainn ag "Béal ná Buidhe". Ní raibh misneach ag aoinne aca a dhul treasna na h-abhainn annsin. Dubhairt Micheál Ó Muiníle go ngeobhadh seisean treasna. Chuaidh sé amach ar a ghiorrán agus scuab an tuile é fhéin agus an giorrán léithe. D'fhill gach duine ar ais agus d'imthigh siad ar bhealach eile go dtáinic siad abhaile.Pól Ó Braoin