Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon lá amháin bhí an Gaduidhe dubh gan biadh agus rinne sé suas a inntin a dhul faoi dhéin bulán thar abhainn. D'imthigh leis agus nuair a bhí sé ag cur an bhulán thar an abhainn sheas sé agus thosuigh an Gaduidhe dubh ghá thiomáint acht ní raibh aon mhaith ann. Dubhairt sé leis féin go raibh rud eicínt ag cur faitchíosa ar an mbulán agus síos leis chun na h-aibhne agus amach leis innti go bhfeicfeadh sé céard a bhí ann. Chonnaic sé fear agus slat in a láimh aige agus d'fhiarruigh an Gaduidhe dubh dhe céard a bhí dhá dhéanamh aige annsin. Dubhairt an fear gur raibh sé ag dhéanamh aithrighthe mar gheall ar ghaduidheacht a rinne sé agus nach mbeadh Dia sásta go dtiocfadh fás as an slait. "Más mar sin é" arsa an Gaduidhe dubh "go bhfóiridh Dia orm-sa." "Creidim" arsa an Gaduidhe dubh "gur riochtanach dom-sa aithrigh dhéanamh freisin"(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Énrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Rathallaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo