Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)

Suíomh:
Baingear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Énrí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beannchor Iorrais
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Comharthaí na hAimsire - An Spéir”
  4. XML “Comharthaí na hAimsire - An Préachán”
  5. XML “Comharthaí na hAimsire - An Faoileán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhíonns néalta móra dubha a' sguabadh treasna na spéire sin comhartha stoirme. Má bhíonn an spéar go glan agus néal beag annseo agus annsiúd sin comhartha ceathanna. Má fheictear tuair-ceatha ar maidin deirtear gurab shin comhartha fearthainne agus stoirme. Má fheictear tuar ceatha san oidhche sin comhartha aimsire maithe. Má bhíonn spéar runnach ann deirtear gurab shin comhartha fearthainne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. I dtús an t-samhraidh má fheictear na Préachain ag déanamh a gcuid nead thus ar bhárr na gcrann sin comhartha Shamhraidh mhaith. Má fheictear iad a' déanamh na nead i bhfad thios ins na crainnte sin comhartha droch Shamhraidh mar bíonn siad ar lorg áite fhasgamhla. Má fheictear scata préacháin ag imtheacht le chéile agus iad ag eitill go h-íseal sin comhartha fearthainne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shuibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Áit an Bhaile, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Antoine Mac Suibhne
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áit an Bhaile, Co. Mhaigh Eo